top of page

Ian Mac Gabhann is an Auckland based artist, born in Dublin, Ireland and immigrated to New Zealand in 2013. With an academic background in architecture, Ian began to explore the transcendental expression of abstraction without reliance upon recognizable objective forms.

“A line is a dot that went for a walk” - Paul Klee

No computer is used - each drawing is done freehand and/or with the aid of a ruler and a compass. “I start with a line of ink. I lend my thoughts to the ink. Then multiple lines begin journeys, which connect and disconnect within the dimensions of space.”

'Geometry of Thought' is a collection of hand drawings by Ian Mac Gabhann, which explores the chaotic scenes, which are formed from energetic, geometric lines. Each line has a mood within itself and belonging to its surreal fragmented surroundings. 

“Line does not exist in nature. Line is an invention of man” - George Grosz

The lines that connect our thoughts in our minds begin a flow of ideas that lead to a perception of form and inner meaning of the chaos that confronts us.

Is in Aukland atá cónaí ar Ian Mac Gabhann. I mBaile Átha Cliath a rugadh é agus tháinig sé go dtí an Nua-Shéalainn sa bhliain 2013. Rinne Ian staidéar acadúil ar an ailtireacht agus ar an ábhar sin thosaigh Isé ag scrúdú na teibíochta. Is é sin, theastaigh uaidh an teibíocht a léiriú ar bhealach tarchéimniúil, gan a bheith ag brath ar  fhoirmeacha inaitheanta réadúla.

 

Ponc a chuaigh ar shiúlóid, sin is líne ann – Paul Klee

 

Ní  úsáideann sé ríomhaire. Le lámh a tharraingíonn sé gach líníocht, amanna le cabhair rialóra nó compáis. "Le líne dhúigh a thosaím. Tugaim mo smaointe ar iascacht don líne. Ansin tosaíonn línte iomadúla ag dul ar aistear dóibh féin. Ceanglaíonn siad agus dhícheanglaíonn siad le toisí an spáis timpeall orthu."

Is éard tá in Céimseata an Smaointeachais bailiúchán de líníochtaí láimhe le Ian Mac Gabhann a dhéanann taiscéaladh ar an tranglam radharcanna a chruthaíonn línte fuinniúla an chéimseata. Tá giúmar faoi leith ag baint le gach líne; giúmar atá istigh ann san am céanna is a dhéanann sé ceangal leis na míreanna osréalacha atá timpeall uirthi.

Ní ann don líne sa dúlra. An duine a chum an líne. – George Grosz

Ceanglaíonn línte ár smaointe le chéile san intinn agus ar an gcaoi sin cuirtear tús le sruth smaointe a thugann orainn breathnú ar fhoirm inmheánach an tranglaim atá thart orainn agus ar a bhrí.

  • White YouTube Icon
  • Pinterest Social Icon
  • LinkedIn Social Icon
  • Black Instagram Icon
bottom of page